TY DÚCHAS na Gaillimhe

Bhí neart oibre déanta ag daltaí na hidirbhliana 2018/19. I measc thograí na bliana, thug grúpa acu faoi thionscadail a dhéanamh ar a n-Oidhreacht Ceilteach i gCúige Connachta agus iad ag díriú ar a cheantar féin. Bhí comhoibriú tras-curaclam idir lámha agus daltaí i mbun taighde sna ranganna staire, ag ceartú a gcuid Gaeilge, i mbun obair ealaíne agus ag tabhairt faoi léarscáileanna, mionsamhail crannóige a thógáil agus seastán Oghaim i ranganna adhmadóireachta. Gabhadh buíochas ar leith le máistir Turlough a bhí thar a bheith tiomanta leis an togra seo a chur chun cinn.
Mar chuid den togra, bhí póstaeir deartha ag na daltaí ar thopaicí éagsúla bainte leis na Ceiltigh agus a n-oidhreacht fós feiceáileach sa chomharsanacht: Áiteanna Cónaithe, Siamsaíocht, Ealaín, Reiligiún, Rialú, Dochtúirí agus Leigheasanna.

Bhí an togra aitheanta ag searmanas speisialta ag Dúchas na Gaillimhe le deireanas agus teastas bronnta ar an scoil da bharr a gcuid oibre. Comhghairdeas leo.

2018/19 TY heritage project on the Celtic Heritage of Connaught was recently recognized by Galway Civic Trust. Comhghairdeas leo ar fad!