Skip to content

Raidió an Eachréidh

Tá an-obair go deo déanta ag an ‘Club Raidió’ ó bunaíodh é i mí Feabhra agus iad ag teacht le chéile gach Céadaoin ag am lóin ó shin. Pléadh na podchraoltaí a thaitníonn leo, dháiligh siad na poist éagsúla ar a chéile agus bheartaigh siad réimse topaicí a phlé. Ansin, thosaigh siad ag scríobh scripte, ag tarraingt póstaer agus ag smaoineamh ar ainm! Rinne siad cleachtadh leis an trealamh agus ar aghaidh leo ag taifead! Roghnaigh siad ceol don chlár agus thosaigh i mbun eagarthóireachta.

Tús maith leath na hoibre – Níl aon amhras ach go raibh tús breá láidir agus neart oibre curtha i gcrích acu leis ‘Club Raidió’. Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Múinteoir Eimear ach go háirithe a thug an spreagadh dóibh dul i mbun gnímh. Cinnte, tá siad ag súil go dtiocfaidh fás is forbairt ar a gcuid podchraoltaí agus go mbeidh go leor cláracha eisithe acu amach anseo.

Young broadcasters have been busy producing podcasts with the foundation of ‘Club Raidió’ in the coláiste. Here’s hoping we here them on the national airwaves in the future.