Skip to content

Beannacht an Uachtaráin

Adam, Micheál D. Ó hUiginn, Múinteoir Marina agus Madadh an Uachtaráin.

Ar an ábhar gur éirigh le foireann díospóireachta an choláiste an dara áit in Éirinn a bhaint amach anuraidh i gcomórtas díospóireachta Concern, bheartaigh Adam (Bl.6) teagmháil a dhéanamh le hÁras an Uachtaráin ina thaobh. Bhí neodracht na tíre mar ábhar plé sa chraobh-chomórtas agus é mar ábhar spéise ag an Uachtarán féin.

Nach ar Adam a bhí an t-iontas nuair a fuair sé féin agus a mhúinteoir, Marina cuireadh speisialta teacht ar cuairt ar Áras an Uachtaráin, lón a bheith acu sa teach mór agus cruinniú ar leith a bheith acu le Micheál D. Ó hUiginn, an t-Uachtarán, é féin. I ndiaidh dóibh plaic a ithe, bhí deis acu cúrsaí an tsaoil a phlé le Ceann Stáit na hÉireann. Anois, tá súil againn go mbeidh domhan níos sábháilte againn de bharr a gcuid cainte ar fad.

Having competed as finalists in Concern debates, Adam decided to contact Áras an Uachtaráin about the topic discussed – Neutrality of Ireland. Adam and his teacher Marina were then invited to attend a lunch and have a meeting with Michael D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, to discuss the matter further. We believe some of the world’s problems were solved during this meeting.

Mór í an fhírinne agus buafaidh sí