Skip to content

Béal Feirste Abú!

Bhí rang Ardteiste ar cuairt ar Bhéal Feirste ar na mallaibh. I gceist acu níos mó eolais a fhoghlaim fá stair na Sé chontae ón dara chogadh domhanda go dtí cúrsaí reatha fá láthair. Bhí seans acu foghlaim fá mhuintir na háite, fá Ghluaiseacht na Gaeilge agus fá thimpeallacht na háite chomh maith.

Ar an bhealach, bhí seans ag na daltaí dul thart ar bhóithre an teorainn is cuairt a thabhairt ar leacht comórtha do Sheán Sabhat.

Nuair a bhain siad Béal Feirste amach, thug siad aghaidh ar phríosúin ‘Crumlin’. Tugadh ar camchuairt iad thart ar chillíní, ar oifigí, ar an chlós agus bhí idir mhaith is olc le feiceáil acu. Níor mhothaigh éinne ró-chompordach ar uairibh.

A luaithe is a d’éalaigh siad ón phríosún, thosaigh siad ar shiúlóid sléibhte agus iad ag foghlaim i dtaobh scéalta ó aimsir na gCeilteach go dtí aimsir an dara chogadh domhanda. Ba mhór an meas a bhí acu ar an nasc idir na hÉireannaigh Aontaithe is Dún Mhic Airt. An tráthnóna sin, bhuail siad isteach ar chumann óige i nGlór na Móna agus oifigeach óige na heagraíochta i mbun cainte leo.

Caithfidh a rá go raibh fáilte mhór tugtha dóibh i gColáiste Feirste ina bhfuil suas le 700 dalta agus áiseanna den scoth acu. Chuir siad aithne ar roinnt de na daltaí a bhí mar threoraithe acu.

Bhí fáilte speisialta curtha rompu arís ag ‘Raidió Fáilte’, áit ina raibh deis acu tabhairt faoi chlár raidió a thaifead. Tháinig críoch lena gcamchuairt sa ‘Cultúrlann’ atá fós aitheanta i gcroílár ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh.

Staraithe agus Gaeil bródúla a tháinig abhaile!

5th Year History students had a great opportunity to live out some of the fascinating history of Belfast on a recent trip north. They also had the chance to meet up with many of those involved in the Irish language movement in the city. A short brief trip and an experience for all.