Skip to content

Hó, Hó, Hó ar an Eachréidh

 

Bhí Daidithe agus Mamaithe na Nollag ag rith, ag siúl agus ag deifriú leo thart ar Bhaile Átha an Rí le deireannas agus saoire na Nollag ag teacht.

Cinnte, bhí an deis ag daltaí na hIdirbhliana dinnéar na Nollag a réiteach dóibh féin sa dóigh is go mbeadh an fuinneamh iontu tabhairt faoi ‘Rith na Nollag‘.

Creideann muintir an Eachréidh nach raibh an oiread sin gléasta mar Dhaidithe & Mamaithe na Nollag sa chomharsanacht riamh cheana agus go bhfuil curiarracht de shaghas éigin curtha i gcrích idir mhúinteoirí agus daltaí ó Choláiste an Eachréidh.

Bhí go leor ‘Hó, Hó, Hó‘ agus ‘Hee, Hee, Hee‘ timpeall an bhaile agus pobal gaelach dearg na Nollag ag déanamh a mbealach thart ar Bhaile Átha an Rí. Cinnte, bhain gach uile duine ard-sult as an éacht a chur i gcrích, iad ag guí ‘Nollaig Shona’ ar chách ar a mbealach. Ní amháin sin ach bhí go leor airgid bailithe i gcomhair Simon na Gaillimhe chomh maith.

Staff and students recently set a record for Athenry for the greatest ‘Santa Dash’ to be seen in the town. Some were well fed and ready after their own Christmas dinner and it was all done for a good cause as money was also donated to Galway Simon as part of their efforts. Beannachtaí na Nollag!