Skip to content

Scléip Iontach

Comhghairdeas leis na hiomaitheoirí uile ó Choláiste an Eachréidh a ghlac páirt sa chomórtas ‘Scléip’ i dTaibhdhearc na Gaillimhe 20/11/18. Táimid thar a bheith bródúil astu ar fad, idir ghrúpaí agus ceoltóirí aonair.

Chuir siad a gcroíthe sna taispeántais ar stáitse agus is cosúil gur bhain gach uile duine ard-sult as na léiriúcháin éagsúla. Cinnte, bhí na moltóirí an-tógtha leis na hiomaitheoirí uilig a chur siamsaíocht den scoth ar fáil don tslua mhór a bhí i láthair.

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an banna ceoil ‘Fraoch’ agus Ríoghna ag gabháil ar aghaidh le páirt a ghlacadh sa bhabhta náisiúnta i Mí Eanáir. Caithfidh a rá go raibh éacht bainte amach ag gach iomaitheoir agus iad rannpháirteach! Táimid ag súil go mbeidh cuid de na hiomaitheoirí seo le cloisteáíl arís gan mhoill.

 

Congratulations to all of the participants of Scléip 20/11/18 and a special word of good luck to Ríoghna and to the band ‘Fraoch’ who have qualified for the national competition in January. Beirigí Bua

 

Tuilleadh eolais ar Scléip/ Further information cliceáil anseo