Grád ‘A’ -business students

Comhghairdeas le Darragh agus Oisín- bronnadh gradam orthu ag searmanas in Ollscoil na Gaillimhe mar gur ghnóthaigh siad grád ‘A’ i GNÓ ard-leibhéal sa Teastas Sóisearach. Well done Oisín and Darragh, they were both awarded certificates at a ceremony in NUIG in recognition of those students who attained Grade ‘A’ in the higher level Junior Cert BUSINESS exam.

Díospóireacht Sinsearach den Scoth

 

Bhí an-obair go deo déanta ag dream sinsearach na scoile mar fhoireann díospóireachta, (Seán, Leah, Eibhlín agus Máiridh) agus iad ag teacht ar ais buacach sa chéad bhabhta díospóireachta eagraithe ag Gael Linn i gContae na Gaillimhe Dé Luain 8/10/18.

Gan amhras, chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta agus iad den tuairim nach bhfuil ról tábhachtach ag Uachtarán na hÉireann inniu agus is cinnte go ndeachaigh a gcuid pointí i bhfeidhm go mór ar na moltóirí.

Caithfidh a rá go bhfuil Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as an fhoireann agus treislímís a mbua leo. Gabhtar buíochas speisialta do mhúinteoir Nóra a thug treoir agus tacaíocht dóibh.

Congratulations to Coláiste an Eachréidh’s Senior debating team that recently succeeded in the first round of Gael-Linn’s national debating competition. Leanaigí oraibh Seán, Leah, Eibhlín agus Máiridh.

Díospóireacht Sóisearach Buaite

 

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Liam, Lauren agus Madison a tháinig ar ais buacach sa chéad bhabhta díospóireachta eagraithe ag Gael Linn i gContae na Gaillimhe Dé Luain 8/10/18.

Is cinnte go ndeachaigh siad go mór i bhfeidhm ar lucht éisteachta uile agus iad ag léiriú go bhfuil daoine óga an lae inniu millte ag a dtuismitheoirí. Ar ndóigh beidh siad anois ag ullmhú don chéad bhabhta eile. Go n-éirí leo!

Congratulations to Coláiste an Eachréidh’s Young debating team that recently succeeded in coming through the first round of Gael-Linn’s national debating competition. Here’s hoping they can argue their way through the Connaught finals. Beirigí Bua Liam, Lauren agus Madison.