Skip to content

Rás Trastíre

Cuid de na buachaillí a ghlac páirt sa rás trastíre

Ba mhaith linn an deis seo comhghairdeas a ghabháil leis na daltaí uile a ghlac páirt i gcomórtas trastíre ar na mallaibh. Ghlac seisear scoláirí ón gColáiste páirt sna babhtaí Connachta den reathaíocht trastíre i mBaile Locha Riach Dé Domhnaigh, 6ú Feabhra. Bhí idir fuacht agus fliche ar an lá. In ainneoin sin, rith Isobel, Alan, Joshua agus Shane (Bliain 1) mar aon le Seán (Bliain 3) agus Danielle (Bliain 4) go tréan. Tá moladh ar leith tuillte ag Shane a chríochnaigh sa cheathrú háit i rás shóisear na mbuachaillí agus bhain sé áit amach sna babhtaí uile-Éireann. Maith sibh go léir as bhur sáriarrachtaí ar an lá.