Skip to content

Tóraíocht Taisce – An Chéad Lá sa Choláiste

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh dhaltaí sa chéad bhliain i gColáiste an Eachréidh Dé Máirt 28 Lúnasa 2018. Faraor, breis agus dhá scór daltaí ag cur tús lena saolta ar an mheánscoil agus guímís gach rath orthu ag súil go mbeidh tréimhse den scoth acu uile linn.

Níorbh é go ndeachaigh na daltaí nua i mbun na hoibre go díograiseach ar an chéad lá seo ach iad ag cur aithne ar a chéile, ar na múinteoirí, ar shuíomh na scoile agus ar Bhaile Átha an Rí féin.

Mar chuid de na himeachtaí seo, bhí gach uile duine idir mhúinteoirí agus daltaí rannpháirteach i dTóraíocht Taisce thart ar Bhaile Átha an Rí. Tógadh 20 ceist do gach foireann agus bhí ar na foirne gabháil ar chamchuairt thart ar an mbaile lena gcuid freagraí a aimsiú. Caithfidh a rá gur éirigh le cách rud éigin a fhoghlaim fá stair, suíomhanna agus fá mhuintir na háite agus is cosúil go raibh an t-am acu uachtar reoite a bheith acu ar a mbealach.

D’éirigh go hiontach leis na foirne ar fad ach b’iad an fhoireann a bhí faoi stiúir Mháistreas Aifric na buaiteoirí ag deireadh an lae. Sin ráite, bhí buanna beaga is móra ag gach duine a ghlac páirt.

This years intake of first year students were greeted to Coláiste an Eachréidh Tuesday 28th August 2018.

During their first day, students had the opportunity of getting to know each other, their school, their teachers and the town of Athenry as they took part in their very own ‘Tóraíocht Taisce/ Treasure Hunt’.

The classrooms certainly weren’t big enough for their first day at school and it proved to be a very enjoyable and memorable exercise for all.

Ceisteanna Tóraíochta Cliceáil anseo