Skip to content

Tráth na gCeist ar an Eachréidh

Tráth na gCeist 2018

Arís i mbliana bhí ócáid iontach againn in Óstán Raithín, Baile Átha an Rí. B’é múinteoir Seán Ó Brian agus daltaí na hIdirbhliana a d’eagraigh imeachtaí an lae. Bhí breis is 200 dalta ó na Gaelscoileanna áitiúla mar aon le ceithre scór dalta ón gColáiste bailithe do ócáid mhór. Chomh maith leis an Tráth na gCeist bhí rince, amhránaíocht agus imeachtaí spraíoúla eile. Gabhtar buíochas le GAELOIDEACHAS as ucht a gcuid urraíochta agus Tomás Breathnach agus an BOOGR (GRETB) as ucht duaiseanna a sholáthar. Buíochas le gach duine a chuidigh ar bhealach ar bith leis an ócáid bhreá seo.