Skip to content

Connaught Champ

Comhghairdeas le Jack a bhuaigh craobh Chonnachta na Scoileanna sa liathróid láimhe. Bhí an bua ag Jack in aghaidh Mhaigh Eo sa mbabhta leath-cheannais, sár chluiche a bhí ann agus an toradh idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh. B’é Jack a cháiligh don chluiche ceannais. Bhí sé ró-láidir ag fear Shligigh agus thug sé leis an craobh gan stró sa deireadh.