Skip to content

Fóram Polaitíochta 2018

Tús maith….  Bliain na Gaeilge

Ós rud é go bhfuil 2018 aitheanta mar ‘Bliain na Gaeilge’, ba mhór an ónóir do Choláiste an Eachréidh go raibh an deis acu cúrsaí a phlé i gcuideachta ionadaíocht tras-pháirtí agus ó Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha an Rí Dé hAoine 13ú Eanáir.   I measc na n-ionadaithe i láthair ar an lá, bhí:

  • Sean Kyne, Aire Stáit, Fine Gael
  • Éamon Ó Cuív, T.D. Fianna Fáil
  • Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir.
  • Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Rúnaí Ginearálta, Conradh na Gaeilge

Rinneadh plé forleathan maidir le postanna agus seirbhísí Gaeilge atá curtha ar fáil ag rannóga stáit, an tacaíocht atá curtha ar fáil don Ghaeloideachas  ‘Plean 20 bliana’ agus cosaint don Ghaeltacht.

Caithfidh a rá go raibh díospóireacht agus plé sláintiúil ann agus b’iontach leis na daltaí an deis a thapú ceisteanna a chur ar cheannairí na tíre agus ní raibh drogall orthu a dtuairimí féin a nochtadh.

B’iad na scoláirí idirbhliana a bhí i gceannas ar an Fhóram Pholaitíochta a eagrú, ag cur ceisteanna is ag stiúradh an plé iad féin. Dúirt urlabhra ón idirbhliain:

“Tá súil againn gur fhágamar ábhar machnaimh ag na polaiteoirí agus go dtuigeann siad go bhfuil daoine óga breá sásta ceisteanna a chur.”

Grianghraf faoi iamh:

Fóram ‘18

Sean Kyne (Aire Stáit, Fine Gael), Peadar Mac Fhlannchadha (Conradh na Gaeilge), Éamon Ó Cuív (T.D., Fianna Fáil) agus Trevor Ó Clochartaigh (Seanadóir) i gcuideachta cuid de na daltaí idirbhliana ó Choláiste an Eachréidh a d’eagraigh Fóram polaitíochta le deireannas.