Skip to content

Bronnadh GAELBHRATACH 2016/17

Comhghairdeas arís i mbliana le Múinteoir Bairbre agus an Coiste Gaeilge as ucht a gcuid iarrachtaí le linn na bliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn. D’eirigh go geal leo agus ghnóthaigh siad an GAELBHRATACH a bronnadh orthu i mBaile Átha Cliath ar an 29ú Bealtaine. Bronnadh brat freisin ar Choláiste Mhuirlinne agus ar Choláiste an Chreagáin, go deimhin thaistil an trí scoil le chéile ar an mbus céanna, de réir dealraimh, bhí an-lá ag an ngrúpa uilig agus iad ag ceiliúradh le ceol ón mbanna  SEO LINN

Pictiúirí Eile ón ócáid

B’é an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith a bhronn brat na bliana seo caite agus an dornalaí Bernard Dunne an bhliain roimhe sin. Cliceáil thíos chun na pictiúirí sin a fheiceáil.