Credit Union Bursary Awards 2017

Conrad Byrnes presents Emer Ní Laigheann with ATHENRY CREDIT UNION Bursary Award 2017

CREDIT UNION BURSARY 2017

Buíochas le Comhar Creidmheasa Bhaile Átha an Rí as ucht aitheantas a thabhairt do dhaltaí a ghnóthaigh marcanna arda ins na Scrúdaithe Stáit 2016. Comhghairdeas le Emer Ní Laigheann (Ardteist agus atá anois ar chúrsa leighis/dochtúireachta i NUIG ) agus le Leigha Ní Mhuirgheasa a ghnóthaigh 9A sa Teastas Sóisearach.

 

 

 

 

Credit Union Bursary Awards 2017 – Leigha Ní Mhuirgheasa who attained 9 Higher A Grade

Conrad Byrnes, Athenry Credit Union, presents bursary awards to 2016 Leaving Certificate student, Emer Ní Laigheann, who is currently studying Medicine in NUIG. Also 2016 Junior Certificate students –  Leigha Ní Mhuirgheasa, Seán de Faoite, Oisín Ó Conaill agus Marc Ó Gormán Dálaigh,  in recognition of their excellent results in the State Examinations achieving no less than 28 Higher A  grades and 15 Higher B grades between them in their Junior Certificate.

Gold Medals – Project Work

Gach bliain bronntar bonn óir ar na daltaí leis an obair thionscadail is fearr le haghaidh na Scrúdaithe Stáit ins na hábhair phraicticiúla. Each year students with the best project work in the practical subjects are acknowledged. Buaiteoirí 2017 anseo thíos.

 

FOIRGNÍOCHT Ardteiste 2017 – Nadine le Múinteoir Turlough

MIOTALÓIREACHT Teastas Sóisearach 2017 – Emily le múinteoir Seán

ADHMADÓIREACHT Teastas Sóisearach 2017 – Seán le Múinteoir Turlough

EACNAMAÍOCHT BHAILE Teastas Sóisearach 2017 – Ailbhe le Múinteoir Gearóidín

EALAÍN Teastas Sóisearach 2017 – Eileen le múinteoir Marie
 Click here for previous winners

Bronnadh GAELBHRATACH 2016/17

Comhghairdeas arís i mbliana le Múinteoir Bairbre agus an Coiste Gaeilge as ucht a gcuid iarrachtaí le linn na bliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn. D’eirigh go geal leo agus ghnóthaigh siad an GAELBHRATACH a bronnadh orthu i mBaile Átha Cliath ar an 29ú Bealtaine. Bronnadh brat freisin ar Choláiste Mhuirlinne agus ar Choláiste an Chreagáin, go deimhin thaistil an trí scoil le chéile ar an mbus céanna, de réir dealraimh, bhí an-lá ag an ngrúpa uilig agus iad ag ceiliúradh le ceol ón mbanna  SEO LINN

Pictiúirí Eile ón ócáid

B’é an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith a bhronn brat na bliana seo caite agus an dornalaí Bernard Dunne an bhliain roimhe sin. Cliceáil thíos chun na pictiúirí sin a fheiceáil.