Skip to content

Daltaí i nDáil Éireann

Maith sibh uilig agus Múinteoir Bairbre as an gcur i láthair iontach i nDáil Éireann.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2017, thug Cathaoirleach Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas, an Teachta Dála Catherine Connolly, cuireadh do thriúr daltaí ón gColáiste seo againne aitheasc a thabhairt don Choiste ar cheann de na hábhair seo a leanas:-

 

  • An todhchaí: Post in Éirinn nó an bád bán
  • Féinmharú agus daoine óga
  • An t-ochtú leasú ar na mBunreacht

Bhí an cruinniú a thionól ar an 7 Márta 2017 ag 15.00 i Seomra Coiste 4 i dTithe an Oireachtais.

Ceithre scoil a tugadh cuirí dóibh chun páirt a ghlacadh san ócáid seo. Suas le deichniúr daltaí agus beirt mhúinteoirí a raibh cead ag gach uile scoil a thabhairt leo chun freastal ar an gcruinniú. Ag bord an Choiste a bhí an triúr cainteoirí ina suí a bhí ag freastal ar an gcruinniú.  Ba in áiléar na mbreathnadóirí a bhí na daltaí agus na múinteoirí eile ina suí.

Ba iad Comhaltaí an Choiste Catherine Connolly TD, Pat ‘the Cope’ Ó Gallachóir  TD, Breandán Ó Grifín TD, Aindrias Ó Muimhneacháin TD, Fergus Ó Dubhda TD, Bríd Smith TD, Peadar Tóibín TD, An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, An Seanadóir Brian Ó Domhnaill agus An Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh.

Ráiteas Tosaigh Mícheál Ó Gríofa:

A chathaoirleach, a theachtaí dála, a sheanadóirí agus a dhaoine uaisle, is mise Mícheál Ó Gríofa ó Choláiste an Eachréidh agus tá mé féin agus mo chomh scolairí anseo inniu chun labhairt libh faoin topaic seo ‘An Todhchaí: Post in Éirinn nó an Bád Bán.’

Ar dtús báire beidh mé ag labhairt faoin buntáiste a bhaineann leis an nGaeilge sa tír agus conas gur féidir linn í a húsáid chomh maith is gur féidir linn i bpostanna. Freisin ba mhaith liom scéal Molly Bogan a chuir in iúl díobh agus faoi na deacrachtaí a bhaineann le ag dul ar imirce.

Ráiteas Tosaigh Eibhlín Nic Cormaic

A chathaoirleach, a sheanadóirí agus a theachtaí dáile, is mise Eibhlín NicCormaic ó Choláiste an Eachréídh agus inniu beidh mé féin agus mo fhoireann ag plé an ráiteas seo a deireann ‘An Todhchaí: Post in Éireann nó an Bád Bán’.

Ar dtús labhróidh mé faoin ráiteas agus cad a ciallaíonn sé dom agus don óige in Éireann. ‘An todhchaí, Ciallaíonn sé seo an saol atá amach romhain. ‘Post in Éireann nó an bád bán’, an mbeidh mé in ann post a fháil agus saol a bheith agam anseo I mo thír dhúchais féin nó an mbeidh orm bogadh agus post a fháil I dtír eile toisc nach bhfuil an obair céanna nó an t-airgead céanna le fáil anseo.

Ráiteas Tosaigh Leah Ní Mhuirgheasa

A chathaoirleach, a theachtaí dála agus a sheanadóirí. Leah is ainm dom agus táim anseo inniú chun labhairt libh faoin ráiteas seo a deireann: “An Todhcaí: Post in Éirinn nó an bád bán”. Is topaic é seo a bhfuil tábhacht mór aige le daoine óga na hÉireann mar beidh éifeacht aige ar ár saol amach anseo.

Beidh mé ag labhairt faoi fírinne imirce, na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis, an “Imeacht Intleach” atá ag tarlú agus beidh mé ag moladh conas a meallaimid Éireannaigh ar ais.