Skip to content

Buaiteoirí Seachtaine na Gaeilge

Sibéal Nadine Tomás (800 x 450)
Tomas Breathnach (Timire Gaeilge GRETB) le Sibéal agus Nadine

Buaiteoirí Náisiúnta SnaG

Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas ó chroí a ghuí ar dhaltaí na scoile a thug aitheantas náisiúnta ar ais go Baile Átha an Rí sna comórtais eagraithe ag Conradh na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge. Tuigtear go raibh breis agus 6,000 páirteach i gcomórtais SnaG i mbliana. Dá bhrí sin, is mór an cúis bróid dúinn comhghairdeas a ghabháil le Sibéal Ó Corcora a tháinig sa chéad áit i gcomórtas scríbhneoireachta do dhaltaí shinsearacha agus do Nadine Nic Pharláin a tháinig sa tríú áit sa chomórtas filíochta do dhaltaí Shinsearacha. Léirigh siad go bhfuil bua na scríbhneoireachta acu gan amhras. Ní amháin sin, ach ba mhaith leis an choláiste comhghairdeas a ghabháil le gach uile duine ón scoil a ghlac páirt sa chomórtais. Bronnadh teastais orthu ar fad as ucht a gcuid iarrachtaí agus aitheantas ar leith tugtha dóibh dá bharr. Nár laga Dia a lámha!Buaiteoirí seachtain na Gaeilge (800 x 450)