Skip to content

Ficheall / CHESS Champions

Comórtas ChessZ     (Seán Ó Gaibhneáin) Ficheall Luimneach 2014

I mbliana bhunaigh an Coláiste cumann fichille agus seo é an chéad chomortas a ghlac muid páirt ann. D’éirigh go hiontach linn sa gcomortas. Bhí an chéad babhta ar súil san “Oranmore Lodge Hotel” díreach roimh bhriseadh na Cásca. Bhuaigh an scoil craobh foirne Chonnachta agus bhuaigh muid an chéad agus dara áit san comortas aonarach Chonnachta freisin. Read More

Bhí mí-ádh orainn gan an tríú háit sa comortas aonarach a bhaint amach freisin. Bhí Conor Pokall ar comhscór don tríú háit ach mar gheall ar an córas marcála tháinig sé sa gceathrú háit.
Cháiligh muid le haghaidh babhta ceannais na hÉireann agus bhí orainn taisteal síos comh fhada le Luimneach chun imirt.  Arís bhí an t-ádh linn agus bhuaigh muid  an chéad agus dara áit ann chomh maith. Dalta darbh ainm Jonathan Peoples ó Dún na nGall a bhí sa tríú áit.
Bhí an scoil ar comhscór le dhá scoil eile don chéad áit sa Craobh Foirne. Bhí orainn babhta réitigh a imirt ach níor éirigh ró-mhaith linn. É sin ráite fós tháinig muid sa tríú áit sa gcomórtas.
Ba mhaith liom Buíochas a ghabháil leis na daltaí ar fad a ghlac páirt sa chomórtas. Conor Pokall, Breandáin Ó Cionnaithe, Seán Ó Gaibhneáin , Ciarán Mac Choncharraige, Cian Ó Gaibhneáin agus Tómas Ó Ceallaigh.